Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Seápanna

  • 10-05-2014 4:39pm
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 4,865 ✭✭✭


    Cad is brí le "seápanna"? Tá an focal le fáil sa dán "Faobhar na faille siar in Anglia Sheáin Uí Riordáin le Michael Davitt.
    Ní fuadar bhíodh fút sa tsean-Anglia
    ach siléig agus ansan gan choinne
    seápanna beaga reatha ó thaobh taobh.
    Nuair a thugais síob dom lá i seasca seacht

    Go raibh maith agaibh!


Comments

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,921 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    An bhfuil sé "seápanna" nó "séapanna"? Léigh mé an dán sin an tseachtain seo chaite agus cheap mé go raibh an síne fada ar an nguta eile.

    An míniú a thóg mé de ná go raibh sé ag tiomáint go mí-chúramach. "Throwing shapes", mar a déarfá!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    seápanna = sciuirdeanna / sithí

    Is malairt focail iad seápanna agus séapanna - Ó Dónaill

    B'fhéidir go bhfuil drochthiomáint i gceist nó b'fhéidir nach bhfuil an tsean-Anglia in ann dul i líne díreach. Bhí gluaisteán agam féin a bhí i gcónaí ag féithiú ar clé.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 4,865 ✭✭✭Poxyshamrock


    An File wrote: »
    An bhfuil sé "seápanna" nó "séapanna"? Léigh mé an dán sin an tseachtain seo chaite agus cheap mé go raibh an síne fada ar an nguta eile.

    An míniú a thóg mé de ná go raibh sé ag tiomáint go mí-chúramach. "Throwing shapes", mar a déarfá!

    Cheap mé an rud céanna ach sa leabhar, tá an fada ar an 'a'.

    Maith an fear! Grma! :D


  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,921 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    Poll Dubh wrote: »
    B'fhéidir go bhfuil drochthiomáint i gceist nó b'fhéidir nach bhfuil an tsean-Anglia in ann dul i líne díreach. Bhí gluaisteán agam féin a bhí i gcónaí ag féithiú ar clé.

    GRMA as sin. Ní raibh an focal sin ar eolas agam. :)

    Úsáideann Davitt an focal "leath-dhrugaithe" níos déanaí sa dán sin freisin. B'shin an fáth gur shamhlaigh mé drochthiomáint.


Advertisement