Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Scéalta ón Gaeltacht

  • 03-04-2015 12:26pm
    #1
    Closed Accounts Posts: 895 ✭✭✭


    Ní raibh mé sa Ghaeltacht riamh agus ní dheachaigh an chuid is mó de mo chairde chomh maith. Mar sin níl mórán clú agam cad a tharlíonn ann nuair a théann na sluite go dtí na cursaí samhraidh - deis már mhór a thapú??

    Inis dom faoi d'eachtraí Ghaeltachta - cén chinn a d'fhreastal tú?

    Craic iontach nó gan an oiread amaidí ann? :D


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Craic iontach amach is amach. Glacaim áfach go bhfuil roinnt daoine ag fulaingt ó tinneas baile, nó nach glacainn páirt sna heachtraí.

    Caith mé am i Gaeltachtaí i Ciarraí, Gaillimh agus Maigh Eo. An chuid is mó don am bhís ag smaoineamh faoi na gcailíní :)

    Mar dálta is am iontach éagsúil é. Gan thuistí, ach le rialacha fánach nua - mar Gaeilge éigeantach! Ar an oíche deireanach d'éiligh gach dálta ón teach síos i gCiarraí. Dála an scéal gabh an príomhoide orm ag siúl síos an bóthar thart ar a dhó ar maidin! Glaoi an bhaisteird ar mo thuistí (a raibh acodladh ag an am) - bhí an t-áth orm mar bhí siad níos feargach leis ná liom!

    Bhí am iontach agam i Maigh Eo - bhain mé an taitneamh as na heachtraí uisce, agus d'fhill mé ann cúpla uair ag obair freisin :)


  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,942 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    Chaith mé 4 thréimhse mar scoláire i gColáiste Laichtín in Inis Oírr agus mé im' dhéagóir, agus cúrsa amháin i gCorca Dhuibhne tar éis na céad bliana san ollscoil.

    Toisc go rabhamar go léir "adults" ar an gcúrsa sin bhí sé i bhfad níos difriúla ó na cinn níos luaithe! Daoine ag dul amach chuile oíche agus ag fulaingt gach maidin dár gcionn, gutháin in úsáid go minic agus go hoscailte, daltaí ag tiomáint timpeall ina gcaranna féin, agus a leithéid. Ba cheann é desna rudaí is fearr a dheineas riamh, agus tá dlúthchairde agam fós ón tréimhse sin beagnach seacht mbliana níos déanaí anois.

    Ach tá mo chroí fós in Árainn. Tá an iomarca scéalta agam ó na cúrsaí a rinne mé mar dalta, agus chuaigh mé ar ais mar ardchinnire faoi dhó nuair a bhíos níos sine. Grá agus crá croí, sceitseanna agus ceol agus spórt, an trá is áille in Éirinn, múinteoirí den scoth, chuile sórt rud. Tá sé draíochtúil. Cuirfidh mé suas dán nó dhó níos déanaí a scríobh mé faoi.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 428 ✭✭Acciaccatura


    Tá grá d'Árainn ag an beirt againn, An File! :D Chaith mé cúig samhraí ag Coláiste Ó Direáin ar Inis Mór, ceithre bliana mar dhalta agus an bliain amháin mar chúntóir. Is áit fíor-álainn é, go deimhin! Anois, scéalta ó mo chuid am ann.... (cumha ag teacht orm!)

    Na céilithe "Tranny", nuair a ghléasann na buachaillí mar chailíní, agus a mhalairt! Uair amháin, thóg mé éadaí mo chara Peadair, agus cheap gach duine gur mise é! (Bhí gruaig fada aige ag an am sin :P )

    Comórtais Caisleáin Gainnimhe ar an trá! An trá go ghinearálta, ag snámh san fharraige chomh soléir leis an gCarribean. Ar Neamh.

    Ag teacht ar ais chuig an teach tar éis lá tuirseach ag snámh, nó ag déanamh spórt, agus ag súil go mór le béile blasta ón Bean an Tí. Is iad Mná Tí na cócairí is fearr sa domhan - an cuid is mó díobh :P

    Nuair a thánaig mo chara (is é mo bhuachaill-chara anois, ach, whatever :P ) isteach sa seomra gléasta mar Íosa agus dúirt sé "Let there be light!" agus lasadh na soilse go randamach - is dóigh liom gur nóiméad "Bhíodh ort a bheith ann" é :D

    An ciall bród (cineál) a bhí orm agus mé i mo chúntóir, ag múineadh rincí céilithe is rudaí mar sin do na daltaí a fhoghlaim mé agus mé chomh óg leis iad.

    Na daoine álainne a bhuail mé leis i rith mo chuid am ann. Mar a luaigh mé, bhuail mé le mo bhuachaill-cara (? sin an focal a d'úsáideamar sa Ghaeltacht) ann, beagnach sé bhliain ó shin, agus cuid de mo chairde is fearr. Is dócha go mbeadh siad liom ar feadh saol, le cúnamh Dé.


  • Registered Users Posts: 359 ✭✭DJP


    Dughorm wrote: »
    Ní raibh mé sa Ghaeltacht riamh agus ní dheachaigh an chuid is mó de mo chairde chomh maith. Mar sin níl mórán clú agam cad a tharlíonn ann nuair a théann na sluite go dtí na cursaí samhraidh - deis már mhór a thapú??

    Inis dom faoi d'eachtraí Ghaeltachta - cén chinn a d'fhreastal tú?

    Craic iontach nó gan an oiread amaidí ann? :D

    Chuaigh mé go dtí Coláiste Peig Sayers i mBaile an Lochaigh ar dtús agus mé dhá bhlian déag d'aois díreach sular chuaigh mé chuig an meanscoil. Ansin chuaigh mé go Coláiste Uladh i nGort a Choirce dhá uaire. Ansin chuaigh mé go dtí Coláiste Leitir Móir nó cíbe ainm a raibh ag an coláiste samhraidh sa cheantar sin ag an am. Ansin chuaigh mé chuig Coláiste an Phiarsaigh i nGaoth Dobhair le haghaidh cúrsa seachtaine nó 6 lá i rith na Cásca agus mé sa 5 bliain ar scoil agus chuaigh mé chuig an coláiste samhradh ann sa tSamhradh sin agus chuaigh mé go dtí an cúrsa Cásca an Cásca d'ár gcionn arís an bhliain ina dhiadh agus mé sa 6 bhliain ar scoil.

    Bhí an-craic is fearr agam i gColáiste an Phiarsaigh.

    Níl na cúrsaí go léir a chuaigh mé chuig ag feidhmiú go fóill. Tá Coláiste nua i Leitir Móir ó shin i leith agus tá coláiste na a fheidhmiú ag Gael-Linn i nGaoth Dobhair.

    Sílim go bhfuil rudaí go hiomlán difriúil ó thaobh na coláiste Samhradh Gaeilge ón am ina raibh mé ann i 1997.

    Don chéad rud tá siad níos costasach. Agus sílim go gcaithfear gach coláiste samhraidh a bheith realaíoch ó thaobh an polasaí daingne Gaeilge a labhairt anois. Tá súil agam go bhfuil na daoine go léir ag freastal orthu ag caint Gaeilge mar labhair muid Béarla le chéile in achan cúrsa a rinne mé lasmuigh de leis na múinteoirí agus ins na ranganna agus le bean an tí amháin.

    Bhí an tsuim agam chun Gaeilge a labhairt an t-am ar fad agus bhí cumas na ndeagóirí sa Ghaeilge a raibh mé ag freastal ar na cholaistí le lag don cuid is mó.


Advertisement