Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Anailís ar do Dáilceantar don Olltoghchán

  • 03-06-2015 5:15pm
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,806 ✭✭✭


    Déanfaidh mise an chéad iarracht le:

    Ciarraí

    Dáilceantar úr é seo (tar éis 80 mbliana, ar aon nós), agus beidh géar-iomaíocht ann do na cúig suíocháin ar fad. Is dócha go mbeidh Micheál Healy-Rae slán, chomh maith le Máirtín Ó Foraois (SF), ach sin an méid. Tá suíochán cinnte ag FG, agus cé go mbeadh Deenihan rogha na coitianta, beidh an gasúr gníomhach eirimúil Breandán Ó Gríofa ar a sháile, agus seans do dhá buanna. Tá port Spring (LO) sinte, ach ar an eite clé, beidh Micheál de Gleasún dóchasach, chomh maith le Tomás Plémánnach (neamhspleách). Faoi deireadh, ba cheart go mbeadh feisire amháin ag FF (Brasill nó Muircheartaigh).

    Tuar: 1 FG (Deenihan), 1 SF, 1 FF (Brasill), 2 Neamhspleáchach (MHR, Fleming)


Comments

  • Registered Users Posts: 359 ✭✭DJP


    Baile Átha Cliath Thiar

    Tá na hiarrathóirí ó na mór páirithe ar eolais againn anois anseo. Ach níl a fhios againn an mbeidh cúpla, ar a laghad, iarrathóirí neamhspléacha mór le rá ag seasamh- go háirithe David Hall agus David McGuinness. Is dócha go bfhuil an t-aon duine go hiomlán slán ag breathnú ar na dhá bhfotoghcháin a bhí againn ó 2011 agus na Toghcháin Áitiúila ó anuraidh ná Paul Donnelly (SF). Bheadh mór iontas muna atofa an tAire Sláinte Leo Varadkar (FG) agus Ruth Coppingger (PS) agus muna bhfuair an iarrthóir agus comhairleoir óg ó Fhianna Fáiil Jack Chambers suíocháin. Ach leis sin de réir an pobailbhreith áitiúil is déanaí anseo níl bóthar éasca ag Jack Chambers agus Ruth Coppinger go fóill agus de réir é tá Joan Burton (LO) fós sa iomaíocht.

    Tuar 1 FF (Chambers) 1 FG (Varadkar) 1 PS (Coppinger) 1 SF (Donnelly)


Advertisement