Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Oireachtas na Samhna

Options

Comments

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,905 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    Faraor ní raibh mé in ann dul chuige, arís! Ní chreideann roinnt de mo chairde nuair a chloiseann siad nach raibh mé riamh ann. :o

    Táim tar éis geallúint dom féin go rachaidh mé an bhliain seo chugainn, thar aon rud eile.


  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Thug mé cuairt air inniu.. Faraor ní raibh mé ábalta fanacht níos faide. Bhí slua deas maith ann, agus neart rudaí suimiúil timpeall. :) Molaim duit dul:)

    Rinne mé bhotún bheag ag seasamh síos chun éisteacht nuair a raibh triúr polaiteoirí ag caint... :(


  • Registered Users Posts: 941 ✭✭✭An gal gréine


    Ní raibh deireadh na hoíche tagtha nuair a d'fhág mé ag 4.30 ar maidin. Tá mé ag teacht chugam féin anois. Téann an fhéile ó neart go neart achan bhliain.
    Dúradh linn nach bhfuil ach dhá ionad sa tír anois atá mór go leor leis An t-Oireachtas a reachtáil. Óstán CityWest agus Óstán Gleneagles i gCill Airne!!


  • Registered Users Posts: 1,085 ✭✭✭wow sierra


    Ní raibh deiraedh na hoíche tagtha nuair a d'fhág mé ag 4.30 ar maidin. Tá mé ag teacht chugam féin anois. Téann an fhéile ó neart go neart achan bhliain.
    Dúradh linn nach bhfuil ach dhá ionad sa tír anois atá mór go leor leis An t-Oireachtas a reachtáil. Óstán CityWest agus Óstán Gleneagles i gCill Airne!!


    Sin é go díreach - cheap mé go raibh Citywest beagnach róbheag!! Chuaigh mé fhéin chuig seimineáir, agallaimh beirte, sceitse, léimh, damhsa ar an tseannós, drámaí, Gaelgáirí agus go leor leor eile agus ag an am chéana bhí díomá orm gur chaill mé amach ar rudaí. Ach is dócha an rud is fearr ar fad faoi ná pobail na Gaeilge ag teacht le chéile le caint is spraoi agus bualadh le sean chairde. Ni chreidfeá cé go maith is atá sé gan dul ann. Táim ag súil go mór le Cill Áirne 2016.


Advertisement