Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Dianchúrsa seachtaine ar siúl, Ráth Chairn (27.6.16-1.7.16)

  • 22-06-2016 10:56pm
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,534 ✭✭✭


    Tá fhíos agam go bhfuil roinnt mhaith daoine ina gcónaí i mBaile Átha Cliath agus nach mbíonn siad in ann dul go dtí an Ghaeltacht ó thaobh dualgas oibre/clainne agus a leithéidí. Do na daoine seo, beidh dianchúrsa seachtaine sa Ghaeilge ar siúl i nGaeltacht Ráth Chairn i gCo na Mí, siar an bóthar ón gcathair, ón 27ú Meitheamh go 1 Iúil 2016 (Dé Luain seo chugainn)

    Díreoidh an cúrsa ar na pointí seo a leanas:

    tuiscint ar Ghaeilge nádúrtha agus ar Ghaeilge na meán
    gramadach na Gaeilge
    deiseanna labhartha
    cruinneas ó thaobh Gaeilge labhartha agus Gaeilge scríofa de


    Má thuig tú an t-eolas thuas agus má chuireann tú tic le ceann de na ráitis thíos beidh an cúrsa seo oiriúnach duit.

    Is múinteoir mé ach ba mhaith liom a bheith níos líofa.
    Tá Gaeilge sách maith agam ach ba mhaith liom a bheith i mo mhúinteoir bunscoile/meánscoile.
    Tá an-suim agam sa Ghaeilge agus tá roinnt mhaith ama caite agam le gearrchúrsaí Gaeilge ach ba mhaith liom freastal ar chúrsa leanúnach.
    Is tuismitheoir mé agus tá Gaeilge sách maith agam ach ba mhaith liom a bheith in ann cabhrú níos fearr le mo pháistí agus iad ag labhairt is ag scríobh as Gaeilge.
    Ba mhaith liom a bheith ar chúrsa le daoine atá an-dáiríre faoi fhoghlaim na teanga.


    Is féidir leo lóistín a eagrú duit le teaghlach sa Ghaeltacht nó is féidir taisteal chuig Ráth Chairn gach lá.



    Costas (le lóistín): Le socrú

    Costas (gan lóistín): €200.00

    Gach eolas le fáil ó (046) 9432381/9432068


    1. Dianchúrsa seachtaine sa Ghaeilge

    2. Treoracha ó Bhaile Átha Cliath go Ráth Chairn


Advertisement