Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Gile na gile le Aodhagán Ó Rathaille

Options
  • 28-11-2017 8:14pm
    #1
    Registered Users Posts: 39


    I'm looking for the original Irish version of this but can't find it online. I can find lots of translations mind you, but it's the Irish I want. An bhfuil 'link' ag éinne? Tá sé ins "An Duanaire" - tá cóip agamsa ach nílim sa bhaile faoi láthair.


Comments

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,886 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    Ní dóigh liom go bhfuil "link" agam ach tabhair leathuair a chloig dom agus scríobhfaidh mé cóip duit.


  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,886 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    Gile na gile do chonnarc ar slí in uaigneas,
    criostal an chriostail a goirmroisc rinn-uaine,
    binneas an bhinnis a friotal nár chríonghruama,
    deirge is finne do fionnadh 'na gríosghruannaibh.

    Caise na caide i ngach rilse dá buí-chuachaibh,
    bhaineas an cruinneac den rinneac le rinnscuabadh,
    iorra ba ghlaine ná gloine ar a broinn bhuacaigh,
    do gineadh ar ghineamhain di-se san tír uachtraigh.

    Fios fiosach dom d'inis, is ise go fíor-uaigneach,
    fios filleadh don duine don ionad ba rí-dhualgas,
    fios milleadh na droinge chuir eisean an rinnruagairt,
    's fios eile ná cuirfead im laoithibh le fíor-uamhan.

    Leimhe na leimhe dom druidim 'na cruinntuairim,
    im chime ag an gcime do snaidhmeadh go fíorchrua me;
    ar ghoirm Mhic Mhuire dom fhortacht, do bhíog uaimse,
    is d'imigh an bhruinneal 'na luisne go bruín Luachra.

    Rithim le rith mire im rithibh go croí-luaimneach,
    trí imeallaibh corraigh, trí mhongaibh, trí shlímruaitigh;
    don tinne-bhrugh tigim - ní thuigim cén tslí fuaras -
    go hionad na n-ionad do cumadh le draíocht dhruaga.

    Brisid fá scige go scigeamhail buíon ghruagach
    is foireann de bhruinnealaibh sioscaithe dlaoi-chuachach;
    i ngeimhealaibh geimheal me cuirid gan puinn suaimhnis,
    's mo bhruinneal ar broinnibh ag broinnire broinnstuacach.

    D'iniseas di-se, san bhfriotal dob fhíor uaimse,
    nár chuibhe di snaidhmeadh le slibire slímbhuartha
    's an duine ba ghile ar shliocht chine Scoit trí huaire
    ag feitheamh ar is bheith aige mar chaoin-nuachar.

    Ar chloistin mo ghutha di goileann go fíor-uaibhreach
    is sileadh ag an bhfliche go life as a gríosghruannaibh;
    cuireann liom giolla dom choimirc ón mbruín uaithi -
    's í gile na gile do chonnarc ar slí in uaigneas.

    An Ceangal

    Mo threighid, mo thubaist, mo thurainn, mo bhrón, mo dhíth!
    an soilseach muirneach miochairgheal beoltais caoin
    ag adharcach foireanndubh mioscaiseach cóirneach buí,
    's gan leigheas 'na goire go bhfillid na leoin tar toinn.


  • Registered Users Posts: 39 mediaeval


    táim fíorbhuíoch díot, a Insect Overlord :)


  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,886 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    mediaeval wrote: »
    táim fíorbhuíoch díot, a Insect Overlord :)

    Fadhb ar bith! Bhí an duanaire in aice liom sa seomra ar aon nós. :)


Advertisement