Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Mo thaithí ar feadh mo thaistil go hÉireann le gairid

Options
  • 18-07-2022 11:30pm
    #1
    Registered Users Posts: 1


    Tar éis an amaidí Covid, ruinne mé ar turas go hÉirinn le déanaí. Agus fuair mé léargas suimiúil ar chúrsaí na Gaeilge sa Ghaeltacht i gCois Fhairrge. Bhí mé ag fanacht ag an iomad campála sa Spidéal toisc gur tugadh isteach serbhísí bus san oíche le gairid.

    Tá Gaeilge ag beagnach gach éinne sa cheantar Chois Fhairrge, ach amháin strainséirí, go háirithe iad seo ar aistrigh go sách-ghairid. Thug mé faoi déara an tionchar a dtéann i bhfeidhm ar dhaoine ag an teanga a mbaineann comhlachtaí úsáid aisti ar a gcomharthaí. Fuair mé neart ag siopa mearbhia sa Cheathrú Rua.

    Chlois mé uile dhuine ag ordú trí Bhéarla toisc go bhfuil an biachlár taobh amuigh ag an gcuntar as Béarla amháin agus ainm Béarla ag an tsiopa. Ní bhíonn misneach ag an-chuid daoine Gaeilge a labhairt in ainneoin, ach amháin Gaeilgeoirí díograiseacha. Is ordú trí Ghaeilge a rinne mé féin agus an fonn orm gan labhairt ach Gaeilge amháin i gceantair Ghaeltachta. Más Gaeilge a bhaineann comhlachtaí úsáid aisti ar a gcomharthaí, is dóigh liom go labhróidh níos mó custaiméirí Gaeilge.

    I dteach ósta sa Spiďéal, bhí cumas ar an nGaeilge ar a dtoil ag muintir na háite. Ach sa chaint scaoilte, bhí Béarla á labhairt den chuid is mó a raibh beagán Gaeilge curtha isteach anseo is ansiúd. D'inis buachaill liom nach bhfuil an méad sin spéise ag óige na háite a leanúint ar aghaidh leis an nGaeilge. Is féidir le Gaeilgeoir díograiseach Gaeilge a thabhairt isteach agus dóthain trua atá ann dó nó di. Ach faoi thionchar an alcóil ag fás, is Béarla a thiocfaidh amach.

    Dar liomsa, is mar theanga uirbeach a bheidh todhchaí na teanga ann go príomhá de réir go mbíonn coinsias teanga ag pobal uirbeach na Gaeilge. Gan amhras, is breá liom an Ghaeilge traidisiúnta agus uaireanta, is fuaimniú gránna atá ag cuid cainteoirí uirbeacha. Ach is soléir dom nach féidir ag brath go príomhá ar an nGaeltacht amach anseo. Ní hí ina teanga an phobail sa Ghaeltacht go fóill. Is fiú a oiread den saibhreas teangeolaíoch na Gaeltachta is féidir a aistriú go dtí na nuachainteoirí.


    Go n-éirí libh, Alex



Comments

  • Registered Users Posts: 940 ✭✭✭nicksnikita


    Nuair a thosaigh mise ag foghlaim na Gaeilge aríst thart ar 2018, mhothaigh mise mar an gcéanna…go raibh an teanga ag bogadh ó na ceantair Gaeltachta go dtí na cathracha.

    Ach sa lá atá inniu ann, agus mise i mo chónaí gar ó cheantar Gaeltachta Mhaigh Eo, feiceann mé agus freastalaíonn muid ar neart ócáidí Ghaeilge áitiúl. Mar gheall ar sin, cloiseann mé go bhfuil Sí fós láidir san áiteachaí iargúlta agus tugann sé sin dóchas dom



Advertisement