Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Bhfuaireamar an Aiteantas

Options
  • 29-11-2004 6:13pm
    #1
    Moderators, Education Moderators, Music Moderators Posts: 4,436 Mod ✭✭✭✭


    Dar leis an Indo tá sé le bheith againn!

    Beidh postanna ann le haghaidh 110 daoine, agus beidh siad ag tuilleadh €85,000 in aghaidh an mbliain! :)

    Beidh sé an teanga is fiche ofigiúil a bheis ann an AE.

    Táimse iontach sasta le sin!


Comments

  • Closed Accounts Posts: 1,377 ✭✭✭An Fear Aniar


    B'fhéidir go bhfuil tú sásta ach ní fíorphostanna iad, cé a bheidh ag léamh an chairn mór cáipéise á dhéanamh acu?

    Níl ann ach leas soisialta do lucht na nGaeilge. B'fhearr liom go gcaithfidís an t-airgead in Éirinn, maigh an chatha, agus ag caitheamh an airgid ar thionscadail a dhéanfadh leas buan ar mhuintir labharta na Gaeilge.


  • Closed Accounts Posts: 5 dtraynor


    An bhfuil tú cinnte go bhfuair Gaeilge aitheantas oifigiúil mar "working langauge" san AE?


  • Moderators, Education Moderators, Music Moderators Posts: 4,436 Mod ✭✭✭✭Suaimhneach


    Yep, bhí sé san Indo, agus leigh mé faoi san páipear a bhfuil againn i DCU. :)

    Fiosrú faoi ar google. :)


  • Registered Users Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    Deir Foinse an lae inniu go mbeidh an cheist le hardú Dé Luain seo chugainn san Aontas.


  • Closed Accounts Posts: 1,377 ✭✭✭An Fear Aniar


    Gael wrote:
    Deir Foinse an lae inniu go mbeidh an cheist le hardú Dé Luain seo chugainn san Aontas.

    Caithfear vótáil air sa Phairlimint, is dócha?


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 10,730 ✭✭✭✭simu


    Bhí alt sa Sunday Independent inniu a dúirt go bhfuil tíortha eile san Eoraip i gcoinne aitheantas a thabhairt don nGaeilge mar go mbeadh brú orthu aitheantas a thabhairt do na teangacha neamhfhorleathana a labhartar ina dtíortha féin chomh maith ansin. Níl fonn ar na Spáinéaraigh agus ar na Francaigh, go háirithe, é seo a dhéanamh, deirtear, mar nach dteastaíonn uathu aitheantas a thabhairt don mBriotánais, don mBascais etc agus ní theastaíonn ó thíortha in oirthear na hEorpa go mbeadh na mionlaigh a labhrann Rúisis sna tíortha sin ag éileamh cearta teanga breise, dealraíonn sé.

    Ach ní raibh aon rud mar gheall air in aon nuachtán eile agus ní bheadh aon mhuinín agam as an méid a deireann an Sunday Independent maidir leis an nGaeilge...


  • Registered Users Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    Ach mar sin féin, fiú más teanga neamhfhorleathan í an Ghaeilge, is teanga náisiúnta de réir an dlí. Mar sin tá sí éagsúil ó Chatalóinis, Bascais srl.


Advertisement