Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Faigheann na daoine an rialtas a thuilleann siad

  • 24-10-2001 9:41am
    #1
    Closed Accounts Posts: 65 ✭✭


    Sin an méid a deirtear, ar a laghad. Ach tar éis dom an tuairisc seo a léamh, nílimse ró-chinnte.


    Níos lú ná leath na ranna Rialtais agus na n-eagras poiblí toilteanach nó in ann freagairt trí mheán na Gaeilge
    Proinsias Ó Maolchalain
    Bhí níos lú ná leath na ranna rialtais agus na n-eagras poiblí toilteanach nó in ann freagra trí mheán na Gaeilge a thabhairt ar fhiosrú sa teanga, de réir suirbhé ríomhphoist.
    Níor thug ach 29 eagras as 63 (46%) freagra trí Ghaeilge ar na ceisteanna a cuireadh orthu le déanaí.
    Thug cúig eagras eile as 63 (7.9%) freagra trí Bhéarla do na ceisteanna, agus scríobh dhá dhream eile ar ais trí Bhéarla cé nár thuigeadar na ceisteanna.
    Ghabh Bord Sláinte an Lár Iarthair leithscéal as ucht gan a bheith in ann déileáil leis an r-phost (faoi chártaí leighis)toisc go raibh sé trí Ghaeilge.
    "If you wish you can direct your query to me again in English," arsa oifigeach an bhord sláinte.
    "I'm afraid the closing date for the post of Irish language officer was 12th July, 2001 and we received your e-mail on the 14th July, 2001," an freagra a fuarthas ón mBord Sláinte tar éis ceist a chur orthu faoi dheiseanna oibre mar altra.
    Níor thug ach 23 eagras as 63 (42.9%) freagra i mBéarla nó i nGaeilge.
    Theip ar Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim, mar shampla, freagra a thabhairt ar cheist faoi oibrí a bhí féinfhostaithe agus nár íoc aon cháin ag an am.
    I measc na Ranna Stáit a d'fhan ina dtost bhí an Roinn Dlí agus Cirt, an Roinn Fiontar Poiblí agus an Roinn Gnóthaí Sóisialacha, Pobail agus Teaghlaigh.
    Go híorónta, b'fhéidir, theip ar an Údarás Comhionannais chomh maith freagra a thabahirt ar cheist faoi dlíthiúlacht fhógraí `over 23s', taobh amuigh de thithe tábhairne.
    Bhí Euro Changeover Board na hÉireann ar cheann de na húdaráis a scríobh ar ais.
    "Beidh an rogha agat an euro agus an punt freisin a úsáid ar 31 Nollaig 2001 / 1 Eanáir 2002, mar beidh tú ins an stádas dlíthairscaine, ansin," an freagra a thug an Bord ar cheist faoi eagrú ócáidí sóisialta ar oíche chinn bhliana.
    Thug an Phríomh Oifig Staidrimh freagra tapaidh ar iarratas eolais faoin méid daoine a bhí in ann an Ghaeilge a labhairt i mBaile Átha Cliath.
    Fuarthas cur síos iomlán ar na huimhreacha ó 1851 go 1996.
    Thug preas-oifig an airm an freagra is giorra ar cheist faoi dheiseanna oibre sna fórsaí slándála. "A chara, Gairm: 01-8042149 nó 1890 426555."
    Bhí an Bord Pinsin i measc na gcúig eagras a thug freagra i mBéarla.
    "Ba mhaith liomsa scríobh duitse as Gaeilge ach tá focloir pinsean an dheacair!" arsa oifigeach ón mbord sara dtug sí faoina freagra i mBéarla.


Advertisement