Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Ainm ár n-airgeadra nua

Options
  • 17-01-2002 6:52pm
    #1
    Registered Users Posts: 1,853 ✭✭✭


    Tá ceist agam oraibh.

    An bhfuil sibh sásta glacadh le nós eachtrannach atá in úsáid i nGaeilge d'ainm ár n-aigeadra nua, nó an bhfuil sibh ag úsáid focal Gaelach dó?

    Is é sin le rá: Feicter i bhFoinse, mar shampla, "teach an euro" agus "tá thart ar 10 euro ar cheann anois" agus "trádáil san Euro".

    1. Níl sé ceart an túslitir a scríobh le ceannlitir.
    2. Ní firinscneach ná baininscneach "euro".
    3. Is gá séimhiú agus úrú a úsáid le focail Gaeilge de réir nósanna gramadaí.
    4. Sroicheann an litriú "euro" rialacha na Gaeilge.

    Mar sin, bím ag moladh a leanas:

    an eoró f4, gin. na heoro, iol. na heorónna, gin. iol. na n-eorónna.
    1 eoró, 2 eoró, 5 eoró, 7 n-eoró, 10 n-eoró, cúpla eorónna.

    an ceint m4, gin. an cheint, iol. na ceinteanna, gin. iol. na gceinteanna.
    1 cheint (nó "ceint" amháin), 2 cheint, 5 cheint, 7 gceint, 10 gceint, cúpla ceinteanna.

    Scaip an scéal!
    Yoda


Comments

  • Registered Users Posts: 17,152 ✭✭✭✭Neil3030


    ceard faoi úró?


  • Registered Users Posts: 1,853 ✭✭✭Yoda


    Originally posted by Neil3030
    ceard faoi úró?

    1. Ní gearrúchán ar "Eoraip" é úró.

    2. Fuaminiú. Fuaimnítear eoró , ach leis an alt tá an [j] ann: an eoró [@n'jo:ro:], an-cosúil leis an bhfocal Béarla .

    3. I Mannanais úsáidtear oaro , dála an scéil.

    Féach, má tá spéis agaibh, m'alt "Eora nó euro? Ceint nó cent? An t-aigeadra nua agus Éira, a foilsíodh san Aimsir Óg 2000, ar líne ag http://www.evertype.com/standards/euro/


Advertisement